Home
Mo Ríomhairí
Mo Ríomhairí

An Bhfuil an galar "Crúb agus Béal" i Chetwynd Downs??

An bhfuil aon fhírinne sa ráfla go chuir an fhoireann thréidliachta atá ag gabháil timpeall an Ghabhail Mhóir (seanlogainm na háite ar a bhfuil Chetwynde Downs suite) corpán cúpla gabhar a raibh an lucht siúil nua-aoise ag déanamh cáis as a gcuid bainne, go Sasana le haghaidh tástála don ghalar C+B? An-bhlas go deo as an gcáis seo agus boladh as ar nós Roquefort Francach. É ar fáil sa siopa Sláintbhia atá ag Mrs. Wyndham-Upshaw ag an gcúinne os comhair an gym nua i Chetwynde Downs. Bain triail as!

(ó Chorca muichid)

Corca Muichid ag déanamh Bolscaireacht dá cháirde ?

Agus, a Chorca Mhuichid, an bhfuil aon fhírinne sa ráfla go bhfuil tusa ag siúl amach le Arabella Wyndham-Upshaw, iníon is óige na Wyndham-Upshaws? Feiceadh tú ag hangáil thart ar na lentils is an bio-quark sách minic le scaithimhín, is breathnaigh ort anois i mbun fógraíochta.

Mrs Pender

Déanann Corca Muichid iarracht é féin a chosaint

Mrs Pender, b'fhéidir gur oscail mé cúpla geata anois is arís di agus lucht fiaigh ag gabháil thart ar muin capaill. Ba mhór an rud é an scilling nuair a bhí mé óg. Ach ní mise an sórt a bheadh ar sodar i ndiaidh na n-uasal an dtuigeann tú?

Corca muichid

Ach tagann an fhiarainne amach

Corcie darling, didn't I warn you that you weren't to hang out with your little ethnic friends any longer. Come away now; Mamma is holding an afternoon tea-party to plan for the Chetwynde Downs summer garden-party, and you know you promised to help us pace out the new tennis-courts.

xxx Arabella

Nó an dtagann??

Bella darling, Ní raibh 'fhios agm go raibh teacht agat ar ríomhaire sa chlinic sin ina bhfuil tú le cé mhéad bliain anois. Titim den stail sin an rud is measa a tharla duit riamh ach níorbh aon chabhair é nuair a thosaigh tú ar an LSD sna seascaidí ach an oiread. Mar sin féin, is breá liom gur chuir Bean Pender i gcuimhne a chéile sinn arís. Tá sí ag déanamh dearmad ar am de réir dealraimh. Is fada anois ón uair a raibh ceachtar againn 'ag siúl amach' le duine ar bith! Ach má tá do mheabhair ag feidhmiú ar chor ar bith an cuimhin leat an deireadh seachtaine úd ag seó capaillíní Chonamara? Níl an mharcaíocht mar a bhí !

Ach tá Sé deacair fáilt réidh le Arabella

Corcie darling, you know I don't understand that little artsy fringe language of yours, and it is utterly cruel of you to taunt me with it. I was thinking of Borneo for our honeymoon --
my friend Normandie was there with Giles last year and says the little foreign monkeys are so cute. Let me know what suits. Don't forget we're going to the hunt ball this Friday.

xxx A.

An galar scapthe go Bhloc an Phiarsaigh?

Conas atá agaibhse amuigh ansin? Táimid imithe as ár meabhair anseo i mBloc an Phiarsaigh. Tá pé ceimic atá sna mataí ar na staighrí ag dó bonn na mbróg agus os rud é go bhfuil na saor-reiceanna thart anois bheadh sé an-dian orainn péire nua a cheannach. Agus níor leag beithíoch de shaghas ar bith crúb san áit seo ón uair a bhris carr feirmeora síos ar an mbóthar amuigh agus gur lig na leads óga an leantóir le fána agus gur thit an dá lao amach as. Ar ndóigh tá fiach na gcoiníní curtha ar athló. Sin rud nach mbeadh agam féin leis go pearsanta - spórt fola you know.

Na míbuntáistaí atá ag baint leis na Mataí

Taim féin titithe i ngrá is bím ag siúl thart ag breathnú uaim le físeanna an t-saoil ag damhsa ós comhair mo shúile. Tá na mataí considerably inconvenient dá bhárr sin óir ní bhím ag súil leo is titeann mé tharastu. Sé an ceann ós comhair siopa an bhúistéra is deireannaigh a leag mé, is féach go bhfuair mé min sábh ar fud mo chuid jeans deasa (Versace) bán-dearg.

aingeal as neamh

Agus na Buntáistí!!

Jeans Versace pinc!!!!! B'fhéidir go dtitfinn féin i ngrá leat dá mbeadh 'fhios agam arbh fhear nó bean tú!!! Stop the Lights.

(Ó Chorca Muichid)

Só Níl an Galar i Chetwynde Downs in aon chor

Bhuel, a Chorca, tá scéal taobh thiar de na ráflaí sin faoi chrúb agus béal. Bhí Connie Cooney ag iarraidh athzónáil a fháilt i gcómhair a ghoirt in aice le Chetwynde Downs; ó úsáid talamhaíochta go dtí úsáid títhíochta. Chuir Cumann na n-Áitritheoirí go láidir i gcoinne an phlean seo agus dhiúltaíodh aon athrú do Connie. Bhí sé ar buile nuair a chuala sé an saghas caimiléaracht faoi chúrsaí pleanála a bhí nochtaithe sa tribunals. Mar agóid lig sé an pháirc ar chíos íseal do dhream de Hippies nua-aoiseacha a tháinig anall ó Shasana. Bhí cumann na n-áitritheoirí ar mire anois, ag rá go raibh an " Indian Reservation", mar a thugadar orthu, a bhí tar éis campáil i sean scioból ar a dtairseach, ag déanamh dochar do luachanna na dtithe. Ach ní raibh siad in ann aon rud a dhéanamh faoi, mar ní raibh na crusties ag briseadh aon dlí, agus bhíodar ag úsáid an talamh i gcómhair saghais feirmeoireachta sean-aimseartha neamh-intensive. Chuireadar scéal go dtí Sáirsint Hartnett go raibh cannabis curtha ag na crusties - bhí a lán plandaí agus luibheanna neamh-ghnáthacha á shíolrú sa ghort. D'eagraigh an sáirsint ruathar ar an áit go moc maidin amháin; bhí na meáin curtha ar an eolas faoi. Ach tar éis tamaill tháinig na Gardaí amach go ciúin, aghaidheanna dearga fúthu, ag tochas na lámha, mar ní raibh sa cannabis ach neantóga a bhí á úsáid ag na crusties mar bhunchomhábhar i gcógas a rinneadar do siopaí bia-sláinte. Tá an t-Athair Flannigan go láidir ina gcoinne chomh maith agus eagla air faoin neo-phagánachas a bhíonn á chleactadh acu. Ní thugann sé móran aird ar an phágánachas i measc a pharóistigh fhéin, bíodh sé nua ná sean. D'iomportáil na Crusties roinnt caoirigh ó Alba tamall ó shin; sean-phór Soay. Nuair a bhfuaireadar bás go tobann bhí gach éinne i bpanic faoi chrúb agus béal ach dúirt an tréadlia nach raibh aon chomhartha den galar sin le aimsiú. Nimhiú a bhí mar chúis bháis.

Tá Fadhb ag Míshásta leis an chaoi nach  nglacan Mrs Pender(Nach maireann) Lena mbás

A Mhrs Pender, a chara, nach bhfuil sé in am duit an téad a scaoileadh agus glacadh leis go bhfuil tú marbh, muerto, a shlí na fírinne, adhlactha, curtha sa chré sa sean-reilig roimh finnéithe iomadúla. Do theip an t-ae ort, do bhuaigh an cioróis ort, d’fhág tú slán le gleann seo na ndeor agus d’fhágais titim mór i ndíol an vodka san off-licence áitiúil. Cad a thárla ina dhiaidh?, arbh é nár ghlacadh leat thuas ná thíos?.  Ní dóigh liom go bhfuil tú ag cur as do mórán le do theachtaireachtaí anseo, ach nuair a shúil tú isteach in oifig a’phoist le déanaí ag éileamh riaráistí pinsean ón am a bhfuairis bás, bhuel, sílim go rabhais ag dul beagáinín thar fóir. Bhí teachtaireacht uait le déanaí ag gearán faoin easpa Gaeilge a bhí ag an cailín san oifig; shur nach raibh an cailín bocht chomh scanraithe sin agat nach raibh sí ábálta focal amháin a fhuaimniú le seachtain  Gaeilge, Béarla ná Swahili. Ar aon nós, ní bheifeá ag siúl le Gaolainn binn blasta ó chailín as oileán Zanzibar. (Conas ar thárla go raibh Zanzibeárach san oifig a’phoist?  scéal eile, ní chreidfeá é)  Agus nach deas muinteartha críostúil na píosaí filíochta a bhíonn ag teacht uait anois is arís. Caithfidh gur bhuail claochlú pearsantachta thú nuair a bhfuairis bás. Is cuimhin liom go maith an béadán mailíseach clúmhillteach a bhíodh á scaipeadh agat timpeall Chetwynde Downs tráth. Ní mhaithfead go deo an scéal a chum tú ag cur i mo leith gur peeping tom i bhí ionam. Oh no, ní féidir rudaí mar sin a dhearmad go tapaidh.  Ó, cloisim eochair sa bhfrontdoras, mo bhean ag teacht, imeod.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs"
--- Slááán Tamall

Freagra Mhrs. Pender (Nach maireann).

Well, a Mhíshásta, those who live in glasshouses. Seo tusa ag fáil locht ormsa óir nach raibh suaimhneas ar bith agam ar dheis Dé is gur tháinig me ar ais ina measc sibhse, mo dhlúth-chairde. Maidir leis an bpinsean, tá sé deacair go leor maireachtáil ar na 1,300 euro sa mhí a fhaigim mar ús ar mo chuid infheistíochta, is munach na 80 punt breise a fhaighim ar an bpinsean (théis raic a tharraingt) bheadh an Hennessy Finest caite in aer agam fadó. Fair plé d'Eamonn O Cuiv; munach é bheadh na sliosacháin bhradaigh sin in árd-oifig an phoist théis an pinsean a chur ar ceal. Céard fút féin mar iomaitheoir den duais 'Most Unpopular in Chetwynde Downs' (duais bliain ballríochta sa ngalf-club). Measaim uaireanta go vótálfadh do bhean chéile féin duit ar son an ghradaim.

Mrs Pender

Agus Freagra Míshásta uirthí

Touché, a Mhrs. Pender.
Níor chualas faoi "most unpopular in Chetwynde Downs" ach bhuaigh mé an gradam "Pub Bore na Milaoise" go luath anuraidh sa local.
Anois, canaimís véarsa de amhráin : -

They say that the women are worse than the men,
Rai fal dai, fal diddle fal day,
They go down to Hell, but they come back again,
With yer rai fal dai, diddle fal dai,
Rai fal dai, fal diddle fal daaaay!!!

Do sheanchara, Mí

Agus an Cúis

A dhuine íseal

tagraim do'd litir dar datá 13ú Martá 19101.  Cuirfear ceist Bean Phender faoi bhráid an chéad chruinniú eile den Coiste Damnú, ach an foirm cuí a sheoladh - Foirm M1 (Damnú ort) nó Foirm M2 (marbhfháisc ort) dé réir práinne.

is mise
ag tnúth le'd anam
Screwtape
Oifigeach ró íseal Damnú
Teach Lucifer
Ifreann

Mísásta, an Nádúr agus na Coistí Áitiúile Chetwynde Downs

Tagann siad amach gach bliain thart ar an am seo; uair éigin idir sceitheadh na bhfroganna agus céad ghlaoch na cuaiche (cé nach raibh aon chú-cú le cloisint sa dúthaigh seo leis na cianta). Bíonn siad ag gabháilt thart ag breacadh nótaí síos ar a gcláir-fáiscín, ag ullmhú dréacht-phlean 5 bliana - bíonn dréacht-phlean 5 bliana á ullmhú acu gach bliain. Lucht na mBailte Slachtmhara, an Fo-Choiste is tábhachtaí agus is postúla de Chumann na n-Áitritheoirí Chetwynde Downs.

Ní réitímíd ró-mhaith lena chéile.Níl aon tuiscint acu ar chúrsaí an dúlra. " Fiaile" a deir siadsan, "bláthanna léine" a deir mise. Nach bhfuil a fhios agaibh cé chomh tábhactach is atá an caisearbhán mar fhoinse neachtair dosna beacha agus dosna féileacháin. Cuireann siad i mo leith go bhfuil síolta as mo gháirdín ar foluain soir agus siar agus ag paraisiútáil anuas ar gach ceapach san eastáit; idir Chetwynde Downs, Chetwynde Dales agus Chetwynde Meadows. Deir siad go bhfuilim ag truailliú an áit. Truailliú, agus is iadsan na daoine a bhíonn ag spreagadh gach éinne chun cogadh ceimiceach a fhearadh ar aon chréatúir sé-chosach a bhíonn sé de mhí-ádh aige taisteal tríd. Bíonn níos mó ceimicí nimhneacha á spréáil thart anseo gach samhradh ná an agent orange go léir a scaip na Fórsaí Meireacánacha le linn cogadh Vietnam. Aon nóinín ar thaobh an chosáin a nochtann a aghaidh don ghrian, daortha chun báis ar an toirt; Zaaap!!!.

Truailliú, mar ea, agus cad faoi truailliú fuaime?. Gach deireadh seachtaine as seo amach beidh an galar tógálach tolgtha ag gach éinne. Chomh luath is a thosnaíonn an chéad VRRÚÚÚM-VRÚÚÚM-VRÚÚÚM beidh gach mac máthar amach le lomairí, gearrthóirí, striomairí is iad ag lomadh is ag bearradh is ag gearradh is ag striomáil ó moch déanach, gan sos gan stad, gan stop gan staonadh. Innil leictreacha is peitril, 2-stróic, 4-stróic, stróic teasa. Iad go léir in iomaíocht lena chéile chun an fothram is áirde agus is gránna a chruthú. Bíonn an torann níos measa ná dosaen scairdeitleáin ag eitilt os cionn na díonta. Agus is iadsan na daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoin amhastraíl a bhíonn ar siúl ag mo Jeaicín Russell bocht, Long John.

Chun déileáil le Fo-Choiste na mBailte Slachtmhara, chuireas fógra suas;

Tearmann Fiadhúlra anseo, Crios Saor ó Cheimicí

Ach faraoir, táim i dtrioblóid anois le dream eile; an Fo-Choiste Pleanála de Chumann na n-Áitritheóirí, mar ná bhfuaireas cead oifigiúil ón gComhairle chun an fógra a chrocadh sa chéad áit. Is deacair na dreamanna sin a shárú.

Uainn go léir anseo in #37 Chetwynde Downs
--- Slááán Tamall

Freagra Mhrs. Pender.

Os ag caint ar na feithidí atáimid, áthas orm féin a fhógairt go mbeidh ceachtanna á reachtáil agam i gceangal cuileoga (fliuch agus tirm) i gcomhair na hiascaireachta arís i mbliana. Halla an Phobail gach Máirt ag a 7. Is ag díriú ar an mbreac a bhéas muid i mbliana, ach beidh ábhar suimiúil ann d'aon iascaire. £3.50 ar an doras. Cuirfear tae is fish fingers ar fáil le linn an bhrisigh.

Mrs Pender

 

Tá Smaoineamh Maith ag Mrs. Pender

A Rónán, a Rónán,
tuigim gur féidir an t-úafas a dhéanamh leis an teicneolaíocht na laethanta so. Meastú, lead óg éirimiúil ar nós tú féin, nach bhféadfá mapa daite de thír ársa na hEireann a léiriú ar Chumasc, le spota solais áit a bhfuil cónaí ar gach ball den Clár Plé. Is b'fhéidir pictúir do na baill, grianghraf deas dubh is bán óna n-óige mas sean agus craite iad anois ar nós mé féin. Is duais seachtainiúil don Gael is Fíora, is rannóg Q&A uaidh Bhradhnaí, óir gur fear lách lóidhiciúil é,gan mífhoighid ná cantal.

Thairis sin, ba mhaith liom féinig rannóg dlí a fheiceáil ar an suíomh. Cheannaigh mé stráice beag talún le deireanaí, 6 throigh faoi 3 i gcóir m'uaigh, is ba bhreágh liom tuairim dlíadóra a fháil maidir le cead glasraí a chur ann go gcailltear mé. Deir an sagart nach gceadaítear cabáistí sa reilig, ach is breá liom féinig babhla úr súp cabáiste, is níl meas dá laghad agam ar chabáiste Tesco leis an oirghead sprays a bhíonn orthú is blas puitigh.

Mrs Pender