Home
Pádraig
MoThig
Unimog
Mo Ríomhairí
Leabhair
Chetwynde downs        
Clár Plé

Urban Celtic Sprawl & laethanta saoire Choirce Muichid

Urban Celtic Sprawl.

A chairde, tá scéal ag dul thart go bhfuil lucht Chetwynde Downs ag brath airgead a fháil uaidh na h-eagraisí stáit chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gceantar sin. Tá's ag Dia go bhfuil siadsan lofa le h-airgead mar atá siad. Ní mór dúinne tabhairt faoi'n t-seift céanna gan mhoill. Molaimse scéim 'Bloc an Phiarsaigh: Urban Celtic Space 2001' a bhunú chun ár gcuid féin den pota a lorg. Beidh cruinniú á reachtáil i seomra an laundry ag a 8 anocht, théis Coronation Street, chun an ceist seo a phlé. Bígí ann.

Jackie Cummins, Bloc an Phiarsaigh

Ní féidir le Corca Muichid bheith ann... Jackie, a bhuachaill, Cad atá ar siúl agat? Agus mise imithe go dtí na Críocha Lochlannacha don Cháisc. Cruinniú ar siúl sa seomra níocháin? Cad faoin seomra cruinnithe? Ní bhíonn an club dornálaíochta ann go dtí a 9. Agus an chaint diúltach seo faoi Chetwynde Downs? Beidh a gcuid tacaíocht siúd ag teastáil má tá aon phingin in aon chor le teacht an treo seo don chultúr bundúchasach.

Eolas do Choirce ó Jackie Sé'n chaoi go bhfuil seisiún gearr eagraithe againn sa seomra cruinnithe i gcomhair a h-ocht chun fáilte a chur ar ais romhat féin uaidh na Críocha Lochlannacha is seans a thabhairt duit na bronntanaisí a dháileadh amach. Is mór an trua é an dá chruinniú a bheith ag teacht salach ar a chéile ach níl aon dul as. Is dócha go mbeidh gach duine sa mBloc ag dul ag an diabhal club dornálaíochta sin ag a naoi so níl aon slot eile saor. Claoíamis leis an seomra laundry mar sin.

do dhlúth-chara, Jackie,

ag súil le bronntanas álainn

Fileann Corca ar an sean-fhód agus Cumtar Dán dó

ólaimis fíon is maraímis bó
déanaimis ceol agus spraoi agus gleo
óir tá Corca Muichid ar ais inár measc
ceannaímis balúin i ndathanna geala
déanaimis cruth oighire i bhfoirm eala
cinntímis go bhfuil an seaimpéin ag stealladh
óir tá Corca Muichid ar ais inár measc
léighimis óráid is cumaimis dán
ligimis gnóthaí an lae fhada le fán
damhsaímis ar an mbord le gloineacha lán
óir tá Corca Muichid ar ais inár measc
beidh málaí aige ar maoill le céad beart
a d'iompar sé abhaile le foighid agus neart
ó Chríoca Lochlannacha an t-síoda is an óir
tír na seacláidí, na buidéil, is féiríní go leor
.

Chuile dhuine faoi réir? Cloisim duine éigin ag teacht. I bhfolach libh taobh thiar den bord pool is bainfidh muid geit as... A hAON, a DO, a TRI...

Cad a cheapan Corca faoi??
There's no need to make a song and dance about it!

An bhfuil 'fhios agat cad a fuair mé amach! Níl aon deochanna saor ó dhleacht le fáil ar na heitiltí taobh istigh den chomhphobal anois. Má tá dúil agat i seacláidí Beilgeacha tá an t-ádh leat! Nó b'fhéidir go dtaitneodh buidéal de chumhrán Nina Ricci leis an spéirbhean Seapánach a bhfuil tú ag seacáil suas léi le tamaillín.

  

Ráflaí faoi Deontais & Chetwynde Downs

Chualas Ráfla gur rinne Comhchoiste Áitritheoirí Chetwynde Downs iarracht Deontas a fháil ó Foras na ghaeilge chun "Chetwynde Downs with irish" a chuir chun chinn. Rinne siad an teideal a chuir i mbéarla "To cater for the larger english speaking comunity" Ceapam nar bhfuar siad an deontas mar gheall ar seo. An bhfuil aon fhírinne sa ráfla, nó an Clúmhilleadh a bhí ann??

Breis Eolas ó Údarás na gaeltachta
Iomlán fíor, ach gur uaidh Udáras na Gaeltachta seachas an bhForas a lorgadar an deontas. A Mhuire, ach nach raibh spraoi againn anseo ag léamh a n-iarratas! As Béarla a bhí sé, ar ndóigh, is ní fhaca muid Béarla chomh galánta riamh. Féach gur thosnaigh sé 'pursuant to' is go raibh semi-colon sa dara abairt. Tá Mikey anseo théis é a thabhairt síos ag Prontoprint chun é a mhéadú go méid póstaéra is fráma a chur air. Tá brath ag an Udarás bus a fháil ar cíos chun triail ar Chetwynde Downs is buaileadh leis na daoine árd-léanta seo. Le cúnamh Dé beidh siad in ann cuidiú linn lenár gcánacha.

Agus Séanan "Míshásta" na ráflaí
Ó, an-ghreannmhar ar fad!. Ach ní raibh aon bhaint ag muintir Chetwynde Downs leis an sciglitir sin, cé gur scríobhadh é ar pháipéar leis an gceannteideal; "Cumann na n-Áitritheoirí Chetwynde Downs".

Bíonn luct Bloc an Phiarsaigh ag magadh fúinn is ag spocadh asainn i gcónaí, ag cur galántacht, éirí in áirde, árdnósachas, boc-mórachas, gallachas, seoiníneachas agus gach saghas diail peacaí-achas inár leith. Éad agus formad atá taobh thiar de, i dteannta an síorghríosadh ón gcomhairleoir; Pól "Lenin" McCartney. Dá gcuirfeadh the bould Pól níos mó fuinnimh i réiteach a lorg dosna faidhbeanna coiriúlachta sa Bhloc bheimís go léir níos fearr as.

Tá Martina Reilly, rúnaí Cumann na n-Áitritheoirí anseo, ina cónaí in #42 "Fenngarth". Píosa alright atá inti, táim a rá leat, agus na cosa atá fúithi, phew!! (Maith dhom an Béarlachas). Goideadh an carr ó lasmuigh dá tigh oíche amháin. Fuarthas é níos déanai agus é dóite go creatlach gar do Bhloc an Phiarsaigh, an áit a mbeifeá ag siúl leis. Bhí roinnt doiciméidí fágtha ag Martina sa ghluaisteán, páipéirí bána le cinnteidil; "Cumann na n-Áitritheoirí Chetwynde Downs" ina measc. Déarfainn gur scríobhadh an litir go dtí an t-Údarás ar cheann acu. Ní dóigh liom go mbeadh na scileanna liteartha ag spraoi-thiomáinithe an Bhloic chun frásaí léannta mar "pursuant to" a chumadh. Ach tá nia le Pól "Lenin" McCartney ina chónaí sa Bhloc agus cúisíodh cheana é as carranna a ghoid. Agus níl fear níos fearr na the bould Pól chun Béarla foclach bréagléannta a scríobh. Níl ann ach fianaise imthoisceach ach ag an am céanna nach mbeifeá ag smaoineamh . . .

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

  

Scrúdú Gaeilge An bhráithir Ambrós

Seo obair bhaile na Cásca daoibh go léir. Téigí chuig:
http://www.transparent.com/tlquiz/proftest/irish/tliritest.htm
agus déan an scrúdú Gaeilge. Duine ar bith nach bhfaighfidh 90% ar a laghad, tabharfaidh mé deich gcinn de na builí is fearr dó/di leis an leathar is troime dá bhfuil agam - an ceann a bhfuil boinn airgid curtha isteach idir an dá shlis leathair ann chun é a dhéanamh níos righne.

Níor éirigh go ró mhaith liomsa ann
Nach méanar domsa atá ina chónaí ro-fhada ón Bhráthar

Ach tá gaeilge ar a thoil Ag Mrs Pender.
100% dom féin, a bhuíochas le Bn Uí Chatháin, an bhean lách a bhíodh ag múineadh Gaeilge dom thiar i gCaisleán an Bharraigh fadó. An-mhúinteoir go deo a bhí inti, is cé nach bhfuair mé oideachas meánscoile ariamh, bhí an oiread foghlamtha agam sa mbunscoile is a bheadh ag scoláire árdteiste an lae inniu. Níor sheas an roinnt fhada liom riamh, ná tíortha Mheiriceá Theas, ach is mór an faoiseamh dom im shean-aois bheith in ann suí anseo in aice na tine ag cumadh dánta beaga dom féin is ag cogarníl ainmneacha na n-abhann le rithim an meaisín níochána (Electrolux).
Fuair ir Bean Uí Chatháin bás i 1957, beannacht Dé lena h-anam.

Mrs Pender

  

Bás Chumasc....

Foláireamh. Tá Mrs. Pender tar éis an long “Cumasc” a thréigint ar eagla go mbrisfí an soitheach ar na carraigeacha “dotcom”. Cá raghaimíd in ao’chor, an nglacfar le teifigh ón suíomh seo ar www.fainne.org/gaeilge-a/ . Dream anléannta oillte atá ansan, daoine ceartchreidmhacha, ceartghramadúla, ceartmheonacha, ceartphointeálta. Ní féidir na Gael-phoncáin a sháru i ndáiríreachas ná i dtromchúiseachas, ní dóigh liom go gcuirfidís suas leis an bhfiántas osréalach a scaoiltear ar chlár plé Cumasc. Agus caithfidh tú dul tríd an diail córas "login" sin i dtreo is go mbeidh siad in ann smacht a choimeád ort.

A bhfuil slí in áit éigin ar mhacairí leathana an síbearspáis don truplais in ionad tromchúiseachais, craiceáltachas in ionad cruinnis, gealtachas in ionad Gaelachais, amaidíochas in ionad acadúlachais, sobalachas chomhaimseartha in ionad Pheigeachais, cuma-sa-díaileachas in ionad ar-son-na-cúiseachais, agus an rud is tábhachtaí ar fad; an gontachas in ionad leadránachais, n’fheadar?. Cad eile atá ann?, ó, tá www.daltai/discus/ ann do Gael-phoncáin ag lorg aistriúcháin do théarmaí mar “Kiss me I’m Irish” nó “Erin go Bragh” chun tatú a chur ar an más clé díreach laistíos den seamróg.

Ar aon nós tá Mrs. Pender (nach maireann) anois ar alt.languages.irish ag www.boards.ie . Ca’na thaobh go bhfuil an (nach maireann) fágtha ar lár aici anois?. Ar chóir dúinn í a leanúint?. Bhuel táimse anois ag dul go dtí suíomh eile a fuaireas le déanaí, as Béarla amháin faraoir – www.realsadpersons.com

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

Agus déanann cuid daoine iarracht bolscaireacht a dhéanamh le fógraí brónacha mar seo
Bain triail as

www.geocities.com/Athens/8308/craiceann.html

Is míchuí an mhaise domh bheith ag maíomh as a dtearn mé, ach más ar lorg a leithéide atá tú...

--(Panu)

Dár ndóigh, ní gá bolscaireacht a dhéanamh do seanleathnaigh ar an chlár plé toisc go bhfuil siad go léir ar eolas ag na cumasceóirí
Ach a Phanu, ní shin clár plé, ach sean-scéal a léigh muid uilig blianta siar i ré órga Ghaelic-L. Níor thaitin sé linn an uair sin is ní thaitníonn sé linn anois, ach sin an saol. Agus fós tá an pointe docht le déanamh nach clár plé é. Mí-thuiscint éigin, n'fheadar?

Mrs Pender

Freagra Phanu
Seadh, ach bhí mo dhuine ag iarraidh an chineál sin ábhair.

Maidir le clár plé, shíl mé gur bhain a lán daoiní triail as clár plé Gaeilge a chur ar bun, ach is dual dófa uilig an meath céadna a theacht orthu de réir a chéile, de réir dealraimh.   Agus Tá fadhb ag Panu le "Seáinín na Fionnadh Fada" Cé thú féin, a Mhrs Pender, dála an scéil? An taobhphearsantacht thú de chuid Sheáin Furlong? --Panu

Níl aithne ag Seán Kelley ar Mhrs. Pender ach oiread
Bhí tú i do bhall ar G-L le fadó an ea? C'ainm ortsa? Cé thú féin? Cad chuige go bhfuil tú i bhfolach?

Is réidh duit bheith ag cuir as Panu mar gheall ar ríomhphoist scríofa ar G-L cupla bliadhna. Ach, cé thú féin?

Sean Kelley co-úinéir Gaeilge-B --Seán K.

Agus deireann Mrs Pander leo Cé hí Féin
Ní thuigim do cheist, a Sheáin. Dorothy Pender atá orm agus a bhí orm nuair a bhí mé ar Ghaelic-L fadó. Ní bhíodh mé ag postáil ansin - ní raibh mé ach díreach théis teacht trasna ar an eadarlíon is ní raibh an taithí céanna agam air is atá anois. Ag úsáid ríomhaire Dhominic, mo mhac, a bhíodh mé.

Tá ríomhaire de mo chuid féin agam anois agus is mór an athrú a rinne sé ar mo shaol. Níor thóigeamar an clann le Gaeilge (sin botún, ag breathnú siar), agus is beag teangmháil a bhíodh agam leis an teanga ar feadh i bhfad théis dom mo bhaile dúchais i Maigh Eo a fhágáil. Is breá liom an seans ag bheith agam arís anois labhairt le Gaeilgeoirí mar sibhse.

Mrs Pender