Tá Crainnín aonair a bhfuil air géaga
A bhriseann géir-shioc is gaoth aduaidh
Ag fás go treorach ó tráth nach eol dom
Is sásta gleoite é is bhréig is buan
Tá éinín páirteach ar ghéin ‘na bharr san
‘S é go fáiltiúil ag labhairt ó chroí
‘S i bhfios dom féineach, tá suite taobh leis
Im thig beag aerach sa ngleann seo thíos
Tá sruth ar m’eolas ag rioth go ceolmhar
As ucht an mhór-chnoic le fánaí anuas
A bhfuil poirt is féar glas á fhoiliú in éineacht
‘S á chur gan bhuíochas ‘na bráighe chun cuain
Tá an t-eas ag géimnigh ann an breac ag léimnigh
‘S an bheach ag saothrú le fonn chun tís
‘S mise im aonar cois tine ag éisteacht
Im thig beag aereach sa ghleann seo thíos.
Ó éirí na gréine go dtéann sí fé thiar
Tá a haghaidh go séimh-gheal ar m’áras féin
Is ionmhain léithí mo phinniúir aolmhar
‘S m’fhuinneog léir ghlan i lár an lae
Is deas gan bhréig díbh a thagann ré dho
‘S í ag bailiú léithí thar toinn is tír-
Níl ionad saolta chomh clúthar néata
Lem thig beag aerach sa ghleannseo thíos.
Ní iarrfainn aoibhneas ní iarrfainn saoirse
Ní iarrfainn choíche caislean ná cúirt
Níl eolas uaimse ar ór ná ar uaisleacht
Ná ar bhóiceáil uaibhreacht ag soláthar clú
Mo thrua gach éinne ‘tá ar thuairisc féile
Níl uaimse ar aon chur mar gheall sa tír
Ach mo chrainnín aonair mo shruth is m’éinín
‘S mo thig beag aerach sa ghleann seo thíos.
|