Home
Mo Ríomhairí
Leabhair

Mo ríomhairí

Is sa scoil i 1980 a chuir mé suim sna ríomhairí ar dtús báire.Bhí APPLE II ag an scoil ag an am agus máistir scoile a raibh an-suim aige sa téama. Níor thug sé ró fhada orm BASIC a foghlam agus bhíos sa seomra ríomhaireachta gach lá ag am lón ag scríobh cláracha beaga agus a leithéid. Ar dtús báire ní raibh aon seomra ríomhaireachta againn ach  seomra beag stórais in aice leis an seomra fisic in a choimeadach na treallamh go léir. Bhí orm dul go dtí an máistir agus an eochair a fháil gach am lón.  Thosaigh daltaí eile ag cuir suim sna ríomhairi céanna taréis tamall agus tháinig an dara ríomhaire isteach sa scoil. Is APPLE II a bhí anseo arís le DOS (DOS 3.0) níos nua inti. Theastaigh ón  cuid is mó des na daltaí eile cluichi a imirt ar na ríomhairí  agus smaoinigh me ar seift beag chun ríomhaire a huir in áireamh  dom féin. Rinne mé teagmháil le daoine eile cosúil liom féin a raibh suim acú i ríomhairí agus d'eirigh liom dioscaí a fháil a raibh cluichi orthu. Ní raibh an sean-ríomhaire inann na dioscaí seo a léamh agus de bharr sin, Bhí gach éinne eile ag iarraidh an ríomhaire nua a  úsáid. D'fhág sin mise leis an sean ríomhaire do fhéin. Ní raibh aon baint ag "DOS" an APPLE II leis an MS-DOS atá flúirseach ar na PCs sa lá atá inniu ann.

an ZX80 Ó Clive Sinlair
(Nó “Uncle Clive” mar a thug na fans air)

Níor thug sé tamall ró fhada go dtí gur theastaigh uaim Ríomhaire bheith agam sa bhaile. Bhí fadhb ann áfach. Bhí na rudaí daor. Is timpeall ar an am seo a thaispeaín máistir scoile ríomhaire dom a raibh cuíosach saor. Is "ZX80" ón chomhlucht "SINCLAIR" a bhí ann. I gcroí an ríomhaire seo bhí Z80 agus mar cuimhne oibre bhí 1K. Bhí sé beag agus d'úsáid sé an teilefís mar scáileán. Rinne an CPU gach obair sa ríomhaire seo, sé sin an lódail des na chláracha, an phictiúir a chóiriú don telefís, An méarchlár a léamh agus an ríomhaireacht féin. De dheasca sin, mhúc an phictiúir ar an teilefís gach úr a bhí obair eile á dheanamh  ag an ríomhaire, nó nuair a bhuail tú eochar ar bith ar an méarchlár.

Ní méarchlár ceart a bhí aige ach an oiread. Bhí scannán plastic ann ar a raibh na litreacha clóbuailte. Bhí contacts faoi an scannan seo agus brúadh iad le chéile nuair a chuirfeadh tú do méar ar an  litir. Bhí pictiúir Dubh agus bán ag an ríomhaire agus ní raibh graific rómhaith aige ach oiread. An rud is tábhachtaí faoi ná go raibh an ríomhaire ar fáil ar 99.99 punt Sterling.


An ZX81 Ó Sinclair

Thosaigh mé ag sábháil mo chuid airgead don ríomhaire seo.Thug sé na blianta orm  toisc nach raibh mé chomh maith sin ag sáibháil airgead. Sular raibh fiú  amháin leath an airgead agam dimigh an ZX80 ón margadh agus tháinig an ZX81 ina áit ar an praghas céanna. Bhí an ZX81 níos fearr ná an ZX80. Cuireadh roinnt loghic leis chun an obair ón méarchlár agus an obair a déanadh chun an pictiúir a chóiriú a dhéanamh le "interrupts" Bhí modh oibre "Mall" ann agus sa modh oibre seo bíodh an phictiúir ar an Teilefís an tam ar fad. Bhí an modh mall an- mhall ar fad i gcomparáid le ríomhairí an lae inniu ann agus timpeall dhá uair chomh mall leis an módh "Tapaidh". Bhí an gaific níos fearr freisin, ach bhí an phictiúir Dubh agus bán fós. Bhí cuimhne 1k aige ach bhí tú inann 16k a cheannach dó.


An VIC 20 ó Commodore

Fad is a bhíos ag sábháil mo chuid airgead don ríomhaire, fuair cara liom ceann ó daidí na nollag. Is VIC 20 a bhí anso ó Commodore agus is íontach an rud a bhí ann (cheap mé é seo ar a laghad) Bhi 3.5K cuimhne aige, Bhí 8 dathanna aige, agus fuaim. Bhí méarchlár "ceart" air freisin. Sé sin méarchlár  le eochair air seachas scannán plastic le litreacha clóite air. Bhí sé seo beagnach chomh maith leis na ríomhairí a bhí ar scoil againn!! An t-aon fadhb a bhí ann ná go raibh na siopaí ag lorg £300 sterling uirthí.


An ZX Spectrum Ó Sinclair research

I 1982 tháinig ríomhaire nua amach ó Sinclair. an "ZX Spectrum" an t-ainm a bhí air. Bhí sé níos fearr fós ná an ZX81 agus fiú amháin an VIC 20 (Ar páipéar ar a laghad) Bhí cuimhne de 16K nó 48K aige, 8 dath, fuaim agus bhí sé níos tapaidh ná an VIC 20. Ní raibh méarchlár "ceart" ag an ríomhaire seo, ach bhí sé níos fearr ná Méarchlár an ZX81, agus ZX80. Bhí na "contacts" céanna aige leis an  ZX80 ach anois bhí mata ruibéar ar bhár na contact céanna a bhogadh phíosa beag  nuair a bhualfá ceann des na litreacha. I 1983 fuaras jab i Dunnes Stores agus  thosaigh an airgead ag teacht isteach ar deireadh. An samhraidh sin cheannaigh  mé Spectrum ar £195.00 Punt sasanach i Metyclean i Londain ar an slí go dtí an  Spáinn ar mo laethanta saoire. Caithfih mé a admháil nár theastaigh uaim dul ar  aghaidh go dtí an spáinn in aon choir. Theastaigh uaim dul arais ar an traen agus an bád a fháil abhaile chun mo ríomhaire nua a thriáil. Is agam a bhí an  spóirt leis an ríomhaire sin. Agus d'fhoghlam mé an-chuid leis. Cinnte d'imir  mé cúpla cluiche leis freisin. Ach ní raibh an airgead agam chun cluichí nua a cheannach.


An C64 Ó Commodore>

Timpeall ar an am seo freisin bhí an-chuid Commodore 64 á dhíol. Lean an Commodore 64 an VIC20. (tógadh an VIC 20 deireannach sa chéad  ceathrú i 1985)i

Críochnaigh mé an scoil sa bhlian 1984 agus thosaigh mé ag obair do siopa Ríomhaireachta i nDún Laoghaire(QTH Computers). Chuireas eolas ar an-chuid  ríomhairaí eile ansin.

Comhlach an déantúsAinm an Ríomhaire
ACORNAn Electron agus an "BBC"
AppleAn Macintosh
AMSTRAD

 

n CPC464,664 agus 6128 chomh maith leis an PCW8256 (Ceapam go raibh PCW8512 ann chomh maith ach nílim cinnte.
AtariAn 400, 800 800XL 600XL agus an ST. Ní raibh mórán baint agam leis na ríomhairaí  seo agus ní raibh mórán bog-earraí ar fáil dó in Éirinn ach Bhí siad ar díol
CommodoreAn Amiga. agus an C128
ELANan Enterprise. Níl aon eolas agam faoi an ríomhaire seo. Ceapam nar díoladh ach timpeall 2 ceann in Éirinn!!
JupiterAn ACE. Ríomhaire dubh agus bán. An-Cosúil leis an ZX81 ach amhain go raibh "Forth" mar teanga clárú aige. Níor díoladh mórán dóibh
MSXTháinig na ríomhairaí "MSX" ón tSeapáin. Ceapadh ag an am go raibh deireadh tagtha le  ré na comhlachtaí beaga toisc gurb iad comhluchtaí ar nós "SONY", "Philips" "SANYO" agus a leithéid a rinne na ríomahiraí seo. Bhí plean ann ag an am na ríomhairaí a dhíol i siopaí earraí leictreachas ar fud na tíre agus ar fud sasana. Bhí eagla orainne sa siopa  ríomhaireachta ag an am go raibh deireadh tagtha lenár fostaíacht freisin nuair a chualamar an nuacht sin. Níor thárla sin áfach toisc nach raibh an "margadh" réidh fós chu ríomhairaí a dhíol is a cheannach i ghnáthsiopaí. Bhí an iomad eolas speisialta ag teastáil fós

Ó ORIC An Oric 1 agus an Oric Atmos. Níor thaithin na ríomhairaí seo lioml
Ó SageRíomhairí do gnó a bhí anseo. le CP/M. Scáileáin Glas agus dubh. Agus ní raibh aon graific iontú!"
Ó Sinclairn QL, Spectrum+ Spectrum 128, D'imigh "Sinclair Research" as gnó am éigin i 1985 nó 86 agus cheannaigh AMSTRAD an comhluch ríomhaireachta Ó "Uncle Clive" Tá an Comhlucht "Sinclair Research" fós ann ach níl aon baint acú le ríomhairaí anois
Ó Texas Instruments:An TI 99/4a

Bhí ríomhairaí eile ann chomh maith ach níor chuir mé aon eolas orthú. (Msh an "Aquarius" ón chomhlucht "Mattel" a dhéanann na bábóga "Barbie" ceann des na slogans a bhí acú ná "These computers come with obsolescence built out" níor tháinig  an ríomhaire go héireann in aon churagus ba é an “in-joke” ag an am  “made with obsolesence built in”

Tá bailiúchán beag déanta agam de cuid des na ríomhairaí seo idir an dá linn. Níl siad go léir agam agus  ní theastaíonn uaim bailiúchán mór a dhéanamh Níl agam ach na ríomhairaí ar theastaigh uaim no ar a raibh baint mór agam leo. Teastaíonn uaim ar na leathnaigh a leanas níos mó eolas a thabhart faoi na ríomhairaí atá bailithe agam.  Má tá leathnach idirlíonn ar eolas agam le fiu amháin níos mó eolas béidh nasc agam leis an  leathnach sin freisin.(lá éigin!!)

An Bailiúchán:

Atari CommodoreSinclair
Amstrad Texas Instruments
SEE YOUR IP ADDRESS

[Home] [Mo Ríomhairí] [Chetwynde downs]