|
An ZX-Spectrum Ó Clive Sinclair
Is í seo an chéad ríomhaire a bhí agam. Bhíos timpeall is ceithre bliana déag d'aois nuair a cheannaíos é. Cheapas ag an am go raibh mé chun clár íontach éigint a scríobh leis, a athródh an slí go maireann muid go léir! Níor scríobhas riamh an clár sin ach d'fhoghlam mé an-chuid faoi Loighic, faoi cumarsáide idir ríomhairaí agus faoi clárú ríomhaireachta.
Bhí an-chuid cluichí ar fáil don ríomhaire céanna. Mar Shampla an cluiche "Ant Attack".
Ach anois ar ais chuig an ríomhaire é féin. Is é an Z80 an CPU a bhí ag an ríomhaire seo le 3mhz (i gcompráid leis na PCs inniu le 1400 Mhz (Na cinn nua 10. Meanfómhar 2001 ag a 5:29 am lárnach na heorpa!!:) ) Ní raibh aon dioscaí le fáil dó. Tháinig cáble leis chun é a cheangailt le seinteoir caisín agus dúsáidtaí teilefís mar scáileán.
BASIC (Beginners Allpurpose Symbolic Instruction Code) an teanga ríomhaireachta a bhí aige. (Aici? an rud fireann nó baineann í an ríomhaire?) brúadh an aistritheoir BASIC isteach i 8K rud atá deacair le creidiúint sa lá atá inniu ann. Thuig sé 55 ordaithe difriúla agus 32 feidhmeanna éagsúla.
Bhí clóire ag an ríomhaire céanna. Bhí páipéar airgead ag teastáil. Is Páipéir dubh a bhí ann i ndáiríre a bhí clúdaithe le péint déanta de halúmanam. Lasadh lasraí beaga sa clóire agus dóadh an péint den páipéir. Agus sin mar a bhfaighfeá do píosaí scríofa ón Clóire.
Timpeall ar 1983 bhí "interface" ar fáil don Spectrum a chuir ar a chumasc cábla RS232 a cheangailt leis(Interface 1 a tugadh air, is dócha gur theastaigh ó sinclair Research cúpla rud mar seo a chuir ar fáil le uimhireacha difriúila. Ar an slí seo, bhi an ríomhaire ábalta "labhairt" le clóire "ceart". Is féidir leis an Spectrum labhairt le roinnt clóire "Laser" fiú, cé go bhfuil an clóire féin amhad Éirinn níos daoire ná mar a bhí an ríomhaire féin riamh!
Rud a chur as do an-chuid daoine faoin Spectrum ná nach raibh aon Dioscaí, nó Tiománaí
dioscaí ar fáil dó. Bhí an cáil ar chomhlucht Sinclair gach a rinne siad a dhéanamh chomh
saor agus is féidir agus bhí súil ag an cuid is mó againn go dtagach tiománaí dioscaí amach
ar ball. Níor tháinig áfach. Séard a rinne Sinclair Research ná "Microdrive" a chuir ar fáil.
Is saghas iarracht a bhí ann tiománaí dioscaí saor a thógail. Is fáinne fada téip a bhí sa
"Microdrive Cartridge" a bhí pacáilte ar slí chliste éigin i gcás beag plaistic. Bhí an
"Interface 1" riachtanach, chun an Microdrive a cheangailt leis an Spectrum.
Ar an bpáipéir bhí an cosúlacht ann go raibh an Microdrive go híontach. Chosnaigh sé 50 punt
Sasanach ag an am (Ceapam gur díoladh i mBaile Átha Cliath é ar 96 Punt éireannach) agus 50
Punt eile don "Interface 1" Bhí na tiománaí Diosca ar dhíol ar timpeall is 300 punt ag an am.
Is difríocht mór ó thaobh praghas a bhi ann. Bhí siad fiú amháin níos tapaidh ná dioscaí don
Commodore 66.
An t-aon fadhb a bhí leis na rudaí seo ná narbh
féidir brath orthú. Bhí cábla idir an "interface" agus an "Microdrive" agus bhí caighdeán
úafásach leis. Chail mé an chuid cláracha mar gheall ar sin. ach ba chuma liom ag an am. Chuir mé
cábla nua idir an Microdrive agus an "Interface" le déanaí agus chonaic mé go raibh gach rud
fós ann beagnach. Bhí timpist beag agam leis an clóire ina dhiadh sin faraor agus níl an "Interface 1"
ag obair a thuile. (So má tá éinne amach ansin le "Interface 1" nach bhfuil ag teastáil uaidh, tar i
dteagmháil liom :))
[Home] [Mo Ríomhairí] [Chetwynde downs]