Home
Mo Ríomhairí
Mo Ríomhairí

Breithlá Shé

Táim ar mo shuaimhneas anseo im’ oifigín coinneal-lasta anocht, rós dearg amháin i bhláthchuach fliúite, gloinne fliúite seaimpéin i mo láimh. Mise gléasta i dtuxedo sofaisticiúil. Mórphiano oscailte ós mo chomhair amach. Bhuel, chun an fhírinne a rá, níl aon phiano ann, nílim ach ag ligint orm fhéin. Bhí piano beag sa tolglann tráth ach bhí orainn fáil réidh leis chun slí a dhéanamh don mhaisín pinball. Agus ní rabhas riamh in ann aon rud a sheinnimt air ach amháin na céad bharraí den tiúin ragtime sin le Scott Joplin, an téamacheol as “The Entertainer”, an ea?. An chuimhin libh:-

Da Da Da Da – Da Da Da – Da Da,
Da Da Da Da – Da Da Da – Da Dum.

Ach ní bhaineann mo cheiliúradh beag príobháideach anseo le Scott Joplin, ach le oirfideach mór le rá eile, an Airméineach-Fhrancach, Charles Aznavour. Rugadh Charles cothrom an lae seo i 1924. Bhuel, cothrom an lae inné mar tá sé ag éirí déanach. Lá Breithe Sona dhuit, a Shéarlais an béil binn.

Anois ba mhaith liom amhrán a chanadh go speisialta do Róisín Dubh. Tá fhios agam a Róis nach mhaith leat Béarla ar an gclár seo ach faraoir níl mo chuid Fhraincíse thar moladh beirte (ná mo chuid Ghaolainne ach an oiread). Fan go nglanfaidh mé an scornach, Hhhh, Hhhh, Hhhmmm.

A h-aon , a dó, a trí:
She
May be the face I can't forget
A trace of pleasure or regret
May be my treasure or the price I have to pay
She may be the song that summer sings
May be the chill that autumn brings
May be a hundred tearful things
Within the measure of the day.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs”
- - - Slááán Tamall

Soilsí Nollaig

Manamandiail, ní féidir iontaoibh a chur in éinne. Níor thugas aon cheann do Clifden nuair a d’iarr sé airgead orm chun soilse nollag nua agus roinnt maisiúcháin eile a cheannach, thugas seic bán sínithe dó. Bhíos as baile ar feadh dha lá an tseachtain seo chaite, agus nuair a thánag abhaile níor chreideas an radharc a bhí ós mo chomhair amach; an tigh go léir clúdaithe le soilse, bolgáin mhórá, fhada, chasta, ribín-soilse, bána, dearga, buí, ag glioscarnach, ag loinniú is ag preabarnach. Fear sneachta leictreach i lár na plasóga, fíoracha ar thomhas nádúrtha le naomhluanta neon den Teaghlach Naofa istigh sa chonservatory. Nach fada an bóthar a chuireadar díobh ón stábla uamhal i mBeitheal go dtí ár gconservatory PVC nua-Victeoireach le gloinniú dúbailte, glais tríghníomhacha agus teas lárnach. Ar bhárr an dín, Santaí meidhreach lena réinfhianna ag sodar ó bhinn go binn, agus mar bhárr ar an donas, ar bhiorr na haeróga, síóg ag rinnce an can-can.

Ó, an náire, an deargnáire!. Sinn inár gceap magaidh sa chlub gailf. A leithéad de thaispeántas gáiréadach, a leithéad de chomóntacht nua-rachmasach. Cumann na n-Áitritheoirí Chetwynde Downs ag rá go scriosfar an seó gáifeach seo luachanna na dtithe is ag maíomh gur chóir cead pleanála a bheith fachta roimh ré. Údaráis an aerfoirt ag éileamh go laghdeoimís cumhacht na soilse ar eagla go gcuirfimís eitleáin ar mhíthreoir. Na Gárdaí ag cleamhsán faoin tranglam tráchta de bhárr na sluaite ag teacht chun an taispeántas a fheiscint. Daoine ag bualadh ar an bhfrontdoras chun a fháil amach cá bhfuaireamar fíoracha an Teaghlaigh Naofa. Sinn go léir bodhraithe ag Buachaillí an Dreólín ó Bhloc an Phiarsaigh i mbun bhacachais ar na cuairteoirí amuigh lena véarsa amháin de “The Wran, the Wran, the king of all birds”. An córas á thripeáil go rialta de bhárr forualaigh. Agus mo chúntas reatha laghdaithe £1253.68 (Euro1591.83)

Níor cheapas, nuair a chuaigh Clifden le innealtóireacht leictreach in UCC, go mbeadh sé a baint úsáid as ár dtighne mar thionscnamh experimenteála. Agus an t-airgead go léir a chaitheamar ar scoileanna príobháideacha. Bah Humbug!

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

Toones Cat

Fadó fadó bhí Pangur Bán na Manach ar phár againn. Ansan tháinig Puisín na mBróga ar stáitse na geamaireachta. Ansan san aois seo caite thug Hollywood Tom na gCartún dúinn ar scannán i Tom & Jerry. Anois sa mhilaois nua tá sé de phribhléid againn ar an gclár plé Beo seo, an carachtar catúil comhaimseartha is déanaí a fheiscint - - Toonces the Irish-speaking Cat. Agus nach bhfuil seoladh ag an ainmhí céanna anseo i gChetwynde Downs ag uimhir 75 “Felixstowe”. Fearchat fíochmhar fiaín fiaclach feargach is ea é, an t-aon chat sa dúiche nach dtéann i bhfolach nuair a bhíonn Long John, mo Jheaicín Russel leathshúileach amuigh ar phatról, i ndáiríre fanann an gaidhrín glan amach ó limistéar Toonces agus cúis mhaith aige. Mar is aisteach ar fad an t-ainmhí é Toonces, ní h-ea, ní labhrann sé focal Gaolainne ná Sacs-Bhéarla ach an oiread. Ach creid nó ná creid é, agus i ndáiríre is deachair é a chreidiúint mar is dochreidte ar fad an scéal é, creideann an cat bocht gur madra is ea é. Sea, bíonn sé ag gabháil timpeall an eastáit go léir idir Chetwynde Downs, Chetwynde Dales agus Chetwynde Meadows ag árdú na cosa deiridh i dtreo gach cuaille agus gach roth parcáilte, ag boladh de eireabaill agus ag iarraidh dul in áirde ar aon mhadra baineann a bhíonn adhall uirthi.

Do ráinigh go raibh sórt menage a trois idir Long John, Toonces agus Yorkie darbh ainm Yorkie as uimhir 59 “Wuthering Heights”. Lá dá raibh Long John ag déanamh an birt le Yorkie, thug Toonces fogha fealltach fíochmhar fuillteach faoi gan choinne. Ní raibh an gaidhrín bocht in ann é féin a chosaint, mar is eol daoibh, ní féidir le madra tarrac amach nuair a bhíonn sé i mbun gnímh leis an gcineál banda. Ó, mo chreach, mo léan, ní dhearúdfad go deo an radharc truamhéileach, Long John ag streachailt abhaile, a aghaidh fuillteach, stróicthe stollta réabtha, meall na súile ar sileadh aníos on mhogall oscailte follúsach. Feic ní ba úafásaí scanrúla ní fhaca in aon scannán scéine de chuid Hammer Films. D’ainneoin ár dtréan-iarrachtaí chun an súil a bhrú thar n-ais san áit cheart, níl ach leathshúil ag Long John ó shin.

Dar ndóigh, dá éirimiúla an cat é Toonces, níl ar a chumas méarchlár a oibriú. Déarfainn gurb é a úinéar, Sammy “Soxy” Kelly atá taobh thiar desna teachtaireachtaí a bhí le feiscint anseo le déanaí. Cén fáth an leas-ainm sin,

bhuel sin scéal eile, ní chreidfeá é.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs”
- - - Slááán Tamall

PS An gcuimhin le éinne anois na seana scannaín Hammer?