Home
Mo Ríomhairí
Mo Ríomhairí

Scéalta Litríochta

(agus lán cead ó Míshásta na scéalta seo a chuir suas)

Tá Ceist agam ar Mhíshásta

Más rud é go bhfuil tú ag obair ar na "Chetwynde-Downes Chronicles" Ar chómhar dom stop a chuir leis an cóipeáil des na scéalta beaga a chuireann tú suas? nó an bhfuil an lán cead fós agam ??

Tá freagra dearfa ag Míshásta, agus insíonn sé dúinn faoi James "Jimmy" Joyce

Conas taoi, a Phádraig, agus conas atá an aimsear thall i dtír na nDeutch?.

Bhí an grian ag scoilteadh an tarmaic anseo i Chetwynde Downs an deireadh seachtaine seo caite, na h-éiníní ag canadh, na beacha ag crónán, na leonta ag siosarnach tríd na duilleoga úrghlasa.

Ach níorbh fhéidir an ceol binn a chlos de bharr an torann árd-deiseabalach ósna bearrthóirí is na striomairí is an t-innealra garraíodóireachta go léir.

Agus chomh luath is a bheadh sos beag fuaime ósna maisíní sin bheadh na ghetto-bhlaistirí ag gabháilt ar lán volume i ngach cúlgháirdín. B.B.Q.anna ar siúl i ngach dara teachlach amuigh ar an bpatio nó acu siud a bhíonn suas chun dáta ar an ndeic adhmaid. Burgair leathdhóite, leathchócaráilte agus sicín bándearg a la salmonella á alpadh síor le cabhair ó chardonnay Astrálach alabhog agus cuileoga de cineálacha éagsúla ag snámh ar uachtar mar bharr ar an mblas.

Chualas go raibh an Dr. Rashan Maghanafi an-ghnóthach ina chlinic ag #42 "Salandrabad" tar éis an deireadh seachtaine le othair ag gearán faoi bhoilg tinn.

Ach chun do cheist a fhreagairt, a Phádraig, fáilte is fiche romhat baighe, má tá an Cartlannaí Bradach sásta an stuif a scaoileadh ní bheidh aon litreacha dlíodóir ag teacht uaimse. Arra, cé mhéid daoine a bheadh ag léamh anseo ar aon nós. Do chuireas samplaí den obair atá idir lámha agam go dtí an iliomad comhlachtaí foilsitheorachta ach diail freagra a bhfuaireas ach nótaí diúltaithe. Bhíos ag siúl le tairiscintí do réamhíocaíochtaí flaithiúla.

Dar ndóigh, níor scríobhas go dtí "Albatross Books" mar tá siadsan ag éileamh ais-íocaíocht uaimse as an réamh-íocaíocht a thugadar dom i gcómhair cearta do mo bheathaisnéis ar James Joyce.

Ní h-é sin James "The Dub" Joyce an scríobhnóir Blácliathach, ach James "Jimín" Joyce, sean-uncail liom. Tá gaolta eile ag éileamh píosa den aicsean agus chomh maith le sin táid ag iarraidh orm, lámhscribhinn "Useless Eulogies" le Jimín, a thabhairt thar n-ais dóibh. Táid ag maíomh anois gur thugadar an leabhair dom "ar iasacht". What!!!. Ba mise a shábháil an lámhscribhinn sin mar aon le páipéir eile Jimín ón skip nuair a bhí an dream filistíneach siúd ag tógáil an eicsteinsean. Anois tá an saint ag dó na geirbe acu, óir léamh siad mar gheall ar an lear mór airgid a thuill lámhscribhinn "On The Road" le Jack Kerouac ó chianaibh.

Má tá léitheoirí ag chur ceist; "cad é sa diail atá ar siúl anseo"

tá seanphost thíos nó is féidir suíomh Phadraig a seiceáili

- www.padraig.de/Chetwynde_downs/chetwynde_downs.html

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

Tuille eolas faoi "Useless Eulogies"

Useless Eulogies

Ó Míshásta on Tuesday, 31 Deire Fomhar 2000, ag 6:39 p.m.(as Clár Plé Cumasc)

Bhí magadh ann le déanaí faoi na daoine ar chlár quiz tv a cheap gur phós James Joyce bean darbh ainm Nora Owens. Bhuel nach raibh an ceart acu. Bhí sean-uncail liom fhéinig James "Jimín" Joyce pósta le Nora, bean desna Owens ó Sráid Bhlárna.
Bhí féith na amhráiníochta ag Jimín mar do tháinigh sé sa dara h-áit taobh thiar de Caruso i bhFeis Maitiú nuair a bhí sé óg. Ansin chuaigh sé i mbun pinn nuair a bhí sé ag obair mar bhainisteoir i bpictiúrlann an Savoy. Bhí tionchar an-mhór ag a chnuasach ghearrscéalta "Corkonians" ar an Frank O'Connor óg. Bhí sé an-chairdiúil le Frank ar feadh tamaill ach d'éirigh eatarthu mar b'fhear chantalach chancrach é Jimín a thit amach le gach éinne luath nó mall.

Dhein sé obair bholscaireachta do Michael Collins le linn na trioblóidí ach bhí air teitheadh go dtí Sasana tar éis an cáineadh láidir a dhein sé ar an eachtra inar dhóadh Castle Chetwynde agus a shaothair ealaíne ríluachmhara go talamh.

Bhí sé chomh bocht ansin go raibh air scéalta grá a scríobh faoi ainm-cleite do Mills & Boone. Chuir sé an-suim sa bhFaisisteachas agus chuaigh sé go dtí an Spáinn le linn an cogaidh cathartha lena chol-ceathar an Ginireál Owens-O'Duffy. Ach d'éirigh eatartha mar b'fhear chantalach chancrach é Jimmy a thit amach le gach éinne, luath nó mall.

Theith sé go dtí Berlin agus chaith sé tamall le col-ceathar eile, William Joyce, fear desna Haw-Haws ó Co. na Gaillimhe. Fuair Billy Haw-Haw jab dó i Radio Deutsche Welle sara d'éirigh eatarthu mar ba chantalach chancrach an fear é Jimín a thit amach le gach éinne luath nó mall. Thosnaigh an dara cogadh domhanda agus bhíodh Jimín ag craobhscaoileadh go Músgraí i nGaolainn.

Bhí air teitheadh go dtí an Eilbhéis tar éis léirmheas dearfach a dheanamh ar scannán Charlie Chaplin dár teideal "The Great Dictator". Chaith sé seal ansin le col-cearthar eile; James "the Dub" Joyce i Zurich, ach d'éirigh eatarthu mar ba chantalach chancrach an bheirt acu a thit amach le gach éinne luath nó mall.

Chaith sé an chuid eile dá shaol i bpension suarach ar an Bhruach Clé i bPáras, go beo bocht ag marachtaint ar bharraí Twix. Cantalach cancrach go dtí an deireadh, b'iad na focail bháis uaidh ná: "Ní féidir liom chuir suas leis an wallpaper gránna sin a thuilleadh, Imeod".

Níl aon leabhair dá chuid i gcló anois ach roinnt scéalta grá Mills & Boone faoi ainm-cleite, ath-fhoilsítear iad gach cúpla bliain. Bhí a ainm dearmadta go dtí go raibh dream desna Owens ó Sráid Bhlárna sa studió "Who wants to be a Millionaire?" agus cheapadar gur a sean-aintín féin a tháinigh suas i gceann desna gceisteanna.

Ach creidim go n-aithneofar James "Jimín" Joyce mar mhórscríobhnóir lá éigin as a mhórshaothar; urscéal fada bunaithe ar eachtraí i saol chathair Chorcai, lá amháin ar an 16ú Meitheamh, 1904. "Useless Eulogies" a thugtar ar an leabhair céanna.

Agus creid nó ná chreid, nach bhfuil an lámhscribhinn agam fhéin, istigh im' oifigín anseo ag #37 Chetwynde Downs"

Slááán Tamall

´Teoric Róisin Dubh faoi'n Scéal céanna

Cad é an chéad litir sa leabhar? An "S" é? Más ea, b'fhéidir go raibh an lámhscríbhinn goidthe le col ceathar díbh eile a rinne cóip de, d'athraigh cúpla focal de, chuir rud beag gnéis ann, agus d'íoc é leis a ainm féin ar an gclúdach. Cad é do bharúil?

Bhuel, féir plé dhuit, a Róisín, a chroí, ceart agat, an litir "S" ar dtús

- -

STATELY, PLUMP BILL MILLIGAN CAME FROM THE STAIRHEAD, bearing a bowl of lager on which a twix bar and a TV control lay crossed. A yellow dressinggown, ungirdled, was sustained gently behind him by the mild morning air. He held the bowl aloft and intoned:

- Introibo ad altare Dei.

Ach ní chreidim go raibh aon bhradaíl liteartha i gceist mar bunaíodh carachtar Bill Milligan ar lúthchleasaí Corcaíoch cáiliúil, dárbh ainm Din Jo Fogarty, máinlia in oispidéal an Bon Secours a ghlac páirt ghníomhach i gcúrsaí litríochta na cathrach. B'eisean a scríobh an cnuasach filíochta

"Hypothermia"

Scríobh Jimín leabhair eile faoin bhfear céanna níos déanaí ina shaol "Milligan's Hake", scéal atá go h-iomlán do-thuighthe de bharr a fhoclóir aisteach agus an litriú gan chiall. Ach as an leabhair sin d'eascair ollthionscal ar campusaigh na Stáit Aontaithe le amadáin acadúla ag tabhairt a shaoil ag iarriadh míniú an scéil a dhíchódú. Ach nílid sásta glacadh le míniú simplí. Bhuail stróc Jimín bocht lá agus é i mbun achrainn liteartha lasartha lena chol ceathair James "The Dub" Joyce. Tháinig sé chuige féin gan mórán dochair fadthéarmach ach gur fágadh é le dyslexia trom ina dhiaidh.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

Breithlá Bob Dylan (Robert Zimmerman, Nó Roibeáirt An tSiúnéir)

Lá Breithe Sona, Bob.

Go maire tú an céad.

Ósna Zimmerfans go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs"

Ach níor bhfuar Míshásta mórán tacaíochta ó lucht an chlár Ple

A Bhoib, a chara, tá brón orm, niór chuidigh éinne le mo bheannacht, is cosúil nach bhfuil mórán spéise ag an comhluadar anseo i do shaothar. Ar aon chuma grma as na h-amhráin go léir.

Bhí na stáisiúin uilig ag casadh do shean taifeadtaí le seachtain anuas. Na stáisiúin go léir, ach amháin R na Daidil Ídí dar ndóigh, ach ní raibh aon rud pearsanta i gceist; bíonn bac ar liricí Béarla de aon saghas ansan. Ar a laghad ní bhíonn orainn amhráin Eurofíse a chlos.

Ba chóir go mbeadh leaganacha Gaeilge ar chuid dod' amhráin ar fáil mar do bhí sé ar intinn againn cúpla cinn a thaifeadadh nuair a bhí an "Gormachaí Mhíshásta Delta Blues Band" i réim. D'aistríos "Everybody must get Stoned" agus "Tambourine Man" go Gaolainn bhinn bhlasta na Mumhain; "Bímís go léir Stónálta" agus "Eist le Mí, a Bhodhránaí".

Is minic daoine a rá gur trua nach bhfuil aon taifead ann don ré ghleoiréiseach ghlórach ghleorach ghlórmhar sin agus den cheol réabhlóideach corraitheach a bhí á cásadh againn. Ach faraoir, thit gach diail rud as a chéile nuair a bhagair do chomhlacht taifeadta an dlí orainn mar nach bhfuaireamar cead oifigiúil chun na h-astriúcháin a dhéanamh agus d'éilíodar cúiteamh airgeadais uainn. Theith baill eile an bhanna, a rá go raibh mise freagrach as gach rud mar bhainisteoir, eagraitheoir agus aistritheoir.

Ní chreidim go raibh aon bhaint agatsa leis an bhfeachtas gránna sin a bhí á fearadh ag comhlacht ollchumhachtach i gcoinne ealaíontóir cruthaitheach aonoránach. Ach bhí díomá orm nár thug tú freagra ar bith don litir phearsanta a scríos chughat ag impí ort na dlíodóirí santacha a ghlaoch siar.

Cheapas go mb'fhéidir go dtuigfeá mo chás tar éis an rip-off cuimsitheach a bhí déanta agat féin ar amhráin traidisiúnta na tíre seo agus na Breataine. B'fhéidir gur dheinis rud éigin ar mo shon mar níor chualas a thuilleadh uathu, ach bhí an dochar déanta faoin am san - b'shin deireadh leis an Gormachaí Mhíshásta Delta Blues Band agus b'shin deireadh lem' shaol mar amhránaí ar na Blues.

Fuair m'athair post dom san AIB mar a thugas blianta fada ag sclábhaíocht is ag fulaingt gach droch-íde ó gcustaiméirí a cheap go raibh sé de cheart acu satailt ar na fostóirí de bharr go raibh cúpla céad punt curtha i dtaisce acu.

Ach sin scéal eile

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

A Mhíshásta,

Tá mearbhall orm anois. Nach thusa an sárintleachtach a scríobh "Luigh, A Bhean Uasal, Luigh. Luigh Ar Mo Leaba Mhór Chré-Umha"? Agus "Na hAimsire, Tá Siad Ag Athrú" agus "Séidithe Ar An nGaoth"? Má scríobh tusa na hamhráin bhreátha sin, cén fáth a chuir Bob a ainm ar na haistriúcháin go Béarla? Nach bhfuil dlíodóir agatsa?

Agus Tugann Gael-Punk Tacaíocht do Mhíshásta

A Mhí, a mhic, tá brón orm nár chuidigh mé féin leat beannacht a chur ar Bhob. Bhí mé róchrúógach ar feadh cúpla lá .

Is é mo thuairim féin go bhfuil an aimsir athraithe go mór agus gur mithid do dhuine éigin albam de leaganacha Gaeilge d'amhráin an Zimmearmannaigh a thaifeadadh. Gach uile sheans gur tú féin an fear is fearr lena dhéanamh, a Mhí. Ba suarach an mhaise do Bhob nó dá lipéad cosc a chur ar a leithéid de thionscadal, dar liom. Mar a dúirt tú, tá Mister Dylan faoi chomaoin ag ceol traidisiúnta na hÉireann. Is é is lú is gann dó a dhéanamh. Déan dearmad ar an achrann san am a chuaigh thart. An t-achrann atá thart bíodh sé thart. Téigh i dteagmháil leis na leaids ón GMDBB agus tagaigí le chéile arís.i

Tá sé thar am agaibh 'comeback' a dhéanamh. B'fhéidir go bhfuil bhur lá tagtha. Ara, go on.

Agus Níl a fhios ag Bob cad tá ar siúil

a ghárdaí, fóir orm! tá mearbhall ar an bhfear seo cinnte, is é seasta ag piocadh ar mo mhuinchille. (Bob Féinigh)

Tráth na gceist

Conas a chuireann siad na figs isteach sna fig rolls?

Ó Fealsamh Dé Satharn, 21ú Iuil 2001, ag a 8:03 i.n.

Tá an Freagra ag Míshásta

ar Dé Máirt 24 Iuil 2001, ag 8:28 p.m.

Agus mé i mbun taighde do mo mhórshaothair "The Chetwynde Chronicles", do thángas ar eolas faoin slí ar tugadh na Fig Rolls go dtí an tír seo i dtosach.

Bhí fear ann fadó agus is é an t-ainm a bhí air ná Percival J. Chetwynde. Rugadh agus tógadh é sa dúthaigh seo i gCastle Chetwynde. Lean sé traidisiún a chlainne agus chuaigh sé isteach in Airm na Breataine mar a bhain sé rang Maoir amach sa Bhriogáid Éadrom. Ghlac sé páirt sa Chogadh Chrimé.

Lá amháin thainig órdú chun ruathar láithreach a dhéanamh ar an namhaid. Dúirt an Maor Chetwynde don Oifigeach uachtarach go raibh a léithéid de órdú aimeadach - go ndéanfar slad úafásach orthu go léir. Thug an t-oifigeach, Lord Cardigan, freagra stairiúil; "Ours is not to reason why, ours is but to do and die". Do ghlaoich sé amach "Ar Aghaidh" agus away leis an mBriogáid go léir cosa in airde, srianta scaoilte i dtreo na ngunnai Rúiseacha agus i dtreo an bháis. Deir an dán go raibh 600 ann ar an lá cinniúnach sin ach i ndáiríre ní raibh ach 599 sa ruathar mar d'fhan an Maor Chetwynde gan bhogadh. Caitheadh amach as an airm é ina dhiaidh sin.

Tar éis a lán eachtraí corraitheacha eile bhain sé an Fhrainnc amach mar a liostáil sé sa Léigiúin Coimhthíoch. Lá amháin agus é amach ar a chamall sa ghainimhleach "listening to a mocking bird, singing a mocking song" agus gan bhuairt dá laghad air, tháinig buíon Beirbear air agus déanadh príosúnach de. Chaith sé blianta fada mar sclábhaí do Thaoiseach san ósais "Wahat Al-Mahdjuri" i lár an Sahara. Cé gurbh sclábhaí é go h-oifigiúil bhain se stádas árd amach sa treabh dé bharr a léinn agus a chumais le capaill agus le camaill. Sa deireadh scaoileadh saor é agus d'fhág sé an ósais le bronntanais luachmhara ón dtaoiseach.

Tháinig sé thar n-ais go Corcaigh agus d'oscail sé caifé i Sráid an Phrionsa, d'arbh ainm "The Desert Song". Bhí an-tóir ar a Rollóga Fige a bhí déanta le cabhair oidis Bheirbearaigh a thóg sé leis ón Sahara. Thug sé an t-ainm Jacob's Fig Rolls orthu mar b'shin é an J. ina ainm fhéinig. Do dhíol sé an recipé rúnda do chómhlacht Bhláchliathach a rinne praiseach den gcúram ar dtús mar ní raibh a maisín ag obair i gceart agus tháinig na rollóga amach le cruth leathan leacaithe. Ach níor chuir an cruth nua isteach ar an ndíolachán agus tá an dearadh sin fós orthu go dtí an lá atá inniu ann.

Ach chun do cheist a fhreagairt a Fhealsaimh. Conas a chuirtear na Figs isteach insna Fig Rolls?

  1. Leath píosa taois cruithneachta amach.
  2. Smear leamthaos fige ar bharr.
  3. Déan rollóg de.
  4. Cur isteach san oighean é ag an dteocht cheart ar feadh an ama chuí.

Bon apetit.

Agus ceist eile. Conas a chuirtear na h-Eilvéisigh isteach i Swiss Roll?.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs"
- - - Slááán Tamall

Agus cad faoi na hEilbhéisigh?/Jeffrey Archer.

Freagra: Go han-chúramach ar fad.

Agus ceist agam oraibhse: Conas a d'fhéadfaí clúmhilleadh a dhéanamh ar Jeffrey Archer?

Corca Muichid

ceist eile: An féidir clúmhilleadh a dheineamh ar duine a bhfuil a chlú millte?

Pádraig

Clúmhilleadh Nó Athrú Chlú?

Conas gur féidir clú a mhilleadh? Ní feidir ach malairt clú a chur orthu! Mar sin, ní mór tréan iarracht a dhéanamh cuir in iúl gur fear brea stuama lách ionraic é an tUasal Archer - agus beidh an clú ata air anois millte.

Aonghus

Touché

Tú Sé? ?

Pádraig

Sé tú (atá ann)

Aonghus